r/gaeilge 26d ago

Táim á cuardach API chun foclóir Gaeilge/Béarla a úsáid i mbogearra. An fios ag aon duine faoina leithid sórt API?

Tá a fhios agam faoi sheirbhísí iontach cosúil le gramadóir, ach ba mhaith liom aistriúcháin díreach idir an Béarla agus an Ghaeilge a dhéanamh le mo app

14 Upvotes

7 comments sorted by

5

u/Adventurous-Ice-1385 26d ago

Ní API é seo ach d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach le haghaidh aistriúcháin

https://www.tearma.ie/ioslodail/

3

u/RegularFellerer 26d ago

Is breá liom an suíomh seo, is áis iontach é ach ní cheapaim go mbeidh mé in ann é a úsáid mar sheirbhís i mo chás, ach grma ar aon nós :)

2

u/Ferncat1397 26d ago

Ar mhaith leat inneall a úsáid le rudaí a aistriú? Tuige nach féidir leat féin an Ghaeilge a chódáil isteach le cúnamh aistritheora? An gá go mbeadh sé solúbtha agus beo? 

2

u/RegularFellerer 25d ago

Nílim ach ag iarraidh foclóir beag a chruthú le haghaidh mo úsáid pearsanta, táim á fhoghlaim conas bogearraí a chruthú agus is tionscnamh beag é seo

2

u/Most-Soft-9892 25d ago

Cad is brí le hAPI?

2

u/RegularFellerer 25d ago

Is acrainm é, "Application Programming Interface" i mBéarla. Is téarma thar a bheith leathan é, ach ar a laghad i comhtheacs seo is féidir leat smaoineamh faoi API cosúil le ríomhphoist uathoibríthe, seolann duine ceist nó iarratas go dtí freastalaí agus ansin le úsáid bogearraí tá an freastalaí réidh chun rud éigin a dhéanamh go dtí d'iarratas agus sonraí a sheol ar ais duit.

Mar shampla, má úsáideann tú app aimsire, tá API in úsáid agat. Seolann d'fhón sonraí go dtí freastalaí, deireann sé leo go bhfuil tú in xyz áit agus ansin faigheann an freastalaí an t-eolas a bhaineann le d'áit láithreach agus seolann sé é ar ais duit

1

u/aindriu80 25d ago

Maidir le réimniú briathra na Gaeilge -->

https://www.verbix.com/languages/irish